Tiny Mutiny News Image

An Cheannairc Bheag Bhídeach / Tiny Mutiny

Deadline 01 August 2022

Tionscadal a eagrófar le linn ocht Satharn.

Eagrófar sraith de cheardlanna saor in aisce ar an drámaíocht, ealaín, scannánaíocht, ceol agus teicneolaíocht chruthaitheach do pháistí (10-12bl) faoi stiúir Jojo Hynes, Midie Corcoran, Róisín Seoighe agus Atmos Collective.

Dátaí a mbeidh an tionscadal in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc


Lúnasa: Dé Sathairn 27: 11am-2:00pm
Meán Fómhair: Dé Sathairn 3, 10, 17, 24: 11am-2:00pm
Deireadh Fómhair: Dé Sathairn 1, 8: 11am-2:00pm
Dé Sathairn 15 Deireadh Fómhair. Léiriú agus Taispeántas poiblí mar chuid d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta Baboró do Leanaí.

Níl ach líon teoranta spásanna ar fáil. Le bheith páirteach ann cuir ríomhphost chuig jojohynescollab@gmail.com chun foirm iarratais a fháil nó cuir glaoch ar Jojo ar 085 8563666 má tá ceist ar bith agat.