As Gaeilge

Nach féidir liom an ealaín a chumadh?

Em Ó Ceallaigh

Ireland

Fr 16 Oct

Book Now

Guth an Ealaíontóra agus an Linbh i gcumadh na healaíne do dhaoine óga

An bhféadfaí comhráite casta le daoine óga a bheith cabhrach i gcumadh na healaíne? Conas a d’fhéadfaí guth láidir ealaíonta tacú le guth an linbh? Is ceardlann phraiticiúil do dhaoine fásta í seo le Em Ó Ceallaigh/Ball. Pléifear an teannas agus na féidearthachtaí a bhaineann le comhairliúchán i bhforbairt na healaíne. Bainfear leas as cleachtas dramaturgy agus smaointe a thagann ó Philosophy for Children (P4C) sa cheardlann. Déanfar iniúchadh ar scileanna éascaithe agus cuirfear coincheapa i bhfeidhm trí phlé agus comhoibriú. 

Tá fáilte roimh gach leibhéal taithí agus cleachtas ealaíne, ach bainfear úsáid as cleachtas amharclannaíochta chun comhairliúchán le daoine óga a phlé. Cuirigí éadaí compordacha oraibh agus bígí réidh le súgradh!

I gcomhpháirt leis an Taibhdhearc. 

If you’re interested in this workshop, you may also be interested in Making Space for Children’s Thinking and the Thinking Studio to learn more about the P4C approach, with Dr Michela Dianetti and Dr Lucy Elvis, University of Galway. 

Is amharclannóir iad Em Ó Ceallaigh (stiúrthóir, dramaturg, scríbhneoir agus éascaitheoir). Cumann Em ealaín do lucht féachana éagsúla agus is iad an spraoi agus an t-ionracas croílár an tsaothair. Is ealaíontóir le Branar Meitheal Em agus tá cónaitheacht acu le Draíocht ó 2026-29. Is iad seo a leanas a saothair is déanaí: Síomha and the Otherworld (an scéal/stiúrthóir), Riverbank Arts Centre, dlr Mill Theatre, agus axis: Ballymun; Future Stories (comhstiúrthóir; comhscríbhneoir; eagarthóir scripte), Smock Alley Theatre, First Fortnight Festival 2026 (2024-26); An Chos Eile (stiúrthóir) axis (2023), Oireachtas na Samhna (2024); Stiúrthóir  Rannpháirtíochta agus Stiúrthóir Ealaíne le Super Paua (2019-22/22-23).

Venue | Áras na nGael, Dominick St.